+Airteagal 13 Trédhearcacht na ngnóthas comhinfheistíochta i dtuarascálacha tréimhsiúla
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Trédhearcacht na ngnóthas comhinfheistíochta i dtuarascálacha tréimhsiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Déanfaidh cuideachtaí bainistíochta GCUIanna, cuideachtaí infheistíochta GCUIanna agus BCIManna infheisteoirí a chur ar an eolas faoin úsáid a bhaineann siad as IMUanna agus as babhtálacha an toraidh iomláin ar an mbealach seo a leanas:

(a) 

i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUIanna nó cuideachtaí infheistíochta GCUIanna sna tuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE;

(b) 

i gcás BCIManna sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE.

Airteagal 13 2.
San fhaisnéis maidir le IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin, áireofar na sonraí dá bhforáiltear i Roinn A den Iarscríbhinn.
Airteagal 13 3.
D’fhonn nochtadh aonfhoirmeach sonraí a áirithiú ach aird a thabhairt freisin ar shainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin, féadfaidh ÚEUM, ag cur san áireamh na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE chomh maith le cleachtais mhargaidh atá ag teacht chun cinn, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar tuilleadh ábhar Roinn A den Iarscríbhinn.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.