+Airteagal 16 Údaráis inniúla a ainmniú, agus a gcumhachtaí
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.

Airteagal 16 Údaráis inniúla a ainmniú, agus a gcumhachtaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.

Chun críche an Rialacháin seo, is éard a bheidh sna húdaráis inniúla:

(a) 

maidir le contrapháirtithe airgeadais, údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus na húdaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;

(b) 

maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais, na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c) 

chun críche Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo, i ndáil le cuideachtaí bainistíochta GCUIanna, cuideachtaí infheistíochta GCUIanna, na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE; agus

(d) 

chun críche Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo, i ndáil le GCUIanna, na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 44 de Threoir 2011/61/AE.

Airteagal 16 2.
Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí a thabharfar dóibh leis na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus déanfaidh siad maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 16 3.
Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo faireachán ar chuideachtaí bainistithe GCUIanna, ar chuideachtaí infheistíochta GCUIanna nó ar BCIManna atá bunaithe ina gcríocha chun a fhíorú nach mbaineann siad úsáid as IMUanna ná as babhtálacha an toraidh iomláin, ach amháin má chomhlíonann siad Airteagal 13 agus Airteagal 14.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.