+Airteagal 17 Comhar idir údaráis inniúla
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.

Airteagal 17 Comhar idir údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Comhoibreoidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16 go dlúth le chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin chun a ndualgais de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a aithint agus a leigheas.
Airteagal 17 2.

Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar chomhoibriú nó ar fhaisnéis a mhalartú i gcomhréir le mír 1 ach amháin i gceann amháin de na himthosca eisceachtúla seo a leanas:

(a) 

i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit a fhaigheann an iarraidh i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna; nó

(b) 

i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil le daoine den sórt sin agus ag éirí as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát a fhaigheann an iarraidh;

I gcás diúltú den sórt sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra dá réir don údarás iarrthach agus d’ÚEUM, lena gcuirfear an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir ar fáil.

Airteagal 17 3.
Na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus comhaltaí ábhartha CEBC, comhoibreoidh siad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.

Beidh comhar den sórt sin faoi rún agus beidh sé coinníollach ar iarraidh cuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis inniúla ábhartha, agus is chun cur ar chumas na n-údarás sin a gcuid freagrachtaí faoi seach a chomhlíonadh agus chuige sin amháin an comhar sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, féadfaidh comhaltaí CEBC diúltú faisnéis a sholáthar i gcás ina bhfuil na hidirbhearta á ndéanamh acu chun a bhfeidhmeanna mar údaráis airgeadaíochta a chomhlíonadh.

I gcás diúltú amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír, tabharfaidh comhalta ábhartha CEBC fógra faoin diúltú sin don údarás iarrthach mar aon le míniú ar na cúiseanna leis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.