+Airteagal 21 Coibhéis tuairiscithe
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
|
Airteagal 21 Coibhéis tuairiscithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forghníomhaithe an tríú tír:
(a)
go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4;
(b)
go n-áirithíonn siad rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar síos sa Rialachán seo;
(c)
go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm agus á bhforghníomhú ar bhealach éifeachtach, cothromasach agus neamhshaofa ionas go n-áirithítear go ndéantar maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin; agus
(d)
a áirithiú go bhfuil rochtain dhíreach ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar na mionsonraí maidir le hIMUanna de bhun Airteagal 19(1), é sin nó rochtain indíreach ar na mionsonraí maidir le hIMUanna de bhun Airteagal 20.
|
|
Airteagal 21 2.
|
I gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis i leith tríú tír, amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanfaidh idirbheart atá faoi réir an Rialacháin seo, go mbeidh na riachtanais a leagtar síos in Airteagal 4 comhlíonta i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin agus gur chomhlíon na contrapháirtithe oibleagáidí ábhartha an tríú tír sin i ndáil leis an idirbheart sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2). Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hÚEUM, faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 4 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus cuirfidh an Coimisiún tuairisc chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhonn tráthrialta. I gcás ina nochtfar sa tuarascáil nach bhfuil na ceanglais choibhéiseacha á gcur i bhfeidhm go leordhóthanach nó go comhleanúnach ag údaráis tríú tír, breithneoidh an Coimisiún, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a ndéanann an Coimisiún an tuarascáil a thíolacadh, an gá aitheantas coibhéise chreat dlíthiúil an tríú tír sin a tharraingt siar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|