|
+Airteagal 26 3. |
Airteagal 26 3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le cinntí lena bhforchuirfear bearta de chineál imscrúdaithe. I gcás ina measfaidh údarás inniúil, tar éis measúnú a dhéanamh ar gach cás ar leith, go mbeadh sé díréireach céannacht an duine dhlítheanaigh atá faoi réir an chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha a fhoilsiú, nó i gcás ina ndéanfadh an foilsiú sin imscrúdú atá ar bun nó cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i gcontúirt, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(a)
foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina n-áirithítear le foilsiú den sórt sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina mbeidh sé intuartha nach ann a thuilleadh do chúiseanna an fhoilsithe anaithnid le linn na tréimhse sin;
(c)
ní fhoilseoidh an t-údarás inniúil an cinneadh i gcás ina gceapann sé nach mbeadh an foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) leordhóthanach:
(i)
chun a áirithiú nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; ná
(ii)
chun comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta a áirithiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|