|
+Airteagal 19 4. |
Airteagal 19 4.Áiritheoidh bainisteoir CMA go bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ag comhlíonadh gach ceann de na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
(a)
tá próiseas éifeachtach le bunú chun faisnéis ábhartha cothrom le dáta a fháil maidir leis an eisitheoir agus le saintréithe na hionstraime;
(b)
tá bearta leormhaithe le glacadh agus le cur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil agus atá ábhartha, agus go bhfuil curtha san áireamh na tosca dinimiciúla ábhartha ar fad a imríonn tionchar ar acmhainneacht creidmheasa an eisitheora agus ar cháilíocht chreidmheasa na hionstraime;
(c)
tá faireachán ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa le déanamh ar bhonn leanúnach agus déanfar athbhreithniú ar mheasúnuithe cáilíochta creidmheasa ar a laghad uair sa bhliain;
(d)
cé nach bhfuil róspleáchas meicníoch ar rátálacha seachtracha le bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, déanfaidh bainisteoir CMA measúnú as an nua ar an gcáilíocht chreidmheasa le haghaidh ionstraim margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna i gcás ina dtarlaíonn athrú ábharach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an measúnú a rinneadh cheana féin ar an ionstraim;
(e)
tá bainisteoir CMA le hathbhreithniú a dhéanamh, ar a laghad gach bliain, ar na modheolaíochtaí atá ann chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa chun a chinneadh cibé acu an bhfuil na modheolaíochtaí sin fós iomchuí don phunann reatha agus do na dálaí seachtracha reatha agus déanfar an t-athbhreithniú a tharchur chuig údarás inniúil bhainisteoir an CMA. I gcás inarb eol do bhainisteoir an CMA go bhfuil earráidí sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa nó ar a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé na hearráidí sin a cheartú láithreach;
(f)
i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana a úsáidtear sa nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, tá bainisteoir CMA le hathbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe inmheánacha go léir ar cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann a luaithe is féidir é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|