|
+Airteagal 20 2. |
Airteagal 20 2.Cuirfidh an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa san áireamh ar a laghad na tosca agus na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
(a)
cainníochtú riosca creidmheasa an eisitheora agus riosca coibhneasta mainneachtana an eisitheora agus na hionstraime;
(b)
táscairí cáilíochtúla i dtaobh eisitheoir na hionstraime, lena n-áirítear i bhfianaise staid an mhargaidh mhaicreacnamaíoch agus an mhargaidh airgeadais;
(c)
cineál gearrthéarmach ionstraimí margaidh airgid;
(d)
aicme sócmhainne na hionstraime;
(e)
an cineál eisitheora, agus idirdhealú á dhéanamh ar a laghad idir na cineálacha eisitheoirí seo a leanas: riaracháin náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, corparáidí airgeadais, agus corparáidí neamhairgeadais;
(f)
ionstraimí struchtúrtha airgid, an riosca intreach oibríochtúil agus contrapháirtí san idirbheart struchtúrtha airgeadais agus, i gcás risíocht d'urrúsuithe, riosca creidmheasa an eisitheora, struchtúr an urrúsaithe agus riosca creidmheasa na sócmhainní foluiteacha;
(g)
próifíl leachtachta na hionstraime. Féadfaidh bainisteoir CMA rabhaidh agus táscairí a chur san áireamh freisin, sa bhreis ar na tosca agus na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear sa mhír seo, i gcás ina bhfuiltear ag cinneadh cáilíocht chreidmheasa ionstraime margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 17(7). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|