+Airteagal 20 Measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
|
Airteagal 20 Measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Cuirfidh bainisteoir CMA i bhfeidhm an nós imeachta síos in Airteagal 19 chun a chinneadh cibé acu ar eascair measúnú fabhrach as an measúnú a rinneadh ar cháilíocht chreidmheasa ionstraime margaidh airgid, urrúsaithe nó ABCP. I gcás inar chuir gníomhaireacht rátála creidmheasa, atá cláraithe agus deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, rátáil ar fáil le haghaidh na hionstraime margaidh airgid sin, féadfaidh bainisteoir an CMA aird a thabhairt ar na rátálacha sin agus ar fhaisnéis agus anailís fhorlíontach ina mheasúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, cé nach gá go mbeadh sé tuilleamaíoch go meicníoch ar na rátálacha sin amháin i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Cuirfidh an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa san áireamh ar a laghad na tosca agus na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
(a)
cainníochtú riosca creidmheasa an eisitheora agus riosca coibhneasta mainneachtana an eisitheora agus na hionstraime;
(b)
táscairí cáilíochtúla i dtaobh eisitheoir na hionstraime, lena n-áirítear i bhfianaise staid an mhargaidh mhaicreacnamaíoch agus an mhargaidh airgeadais;
(c)
cineál gearrthéarmach ionstraimí margaidh airgid;
(d)
aicme sócmhainne na hionstraime;
(e)
an cineál eisitheora, agus idirdhealú á dhéanamh ar a laghad idir na cineálacha eisitheoirí seo a leanas: riaracháin náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, corparáidí airgeadais, agus corparáidí neamhairgeadais;
(f)
ionstraimí struchtúrtha airgid, an riosca intreach oibríochtúil agus contrapháirtí san idirbheart struchtúrtha airgeadais agus, i gcás risíocht d'urrúsuithe, riosca creidmheasa an eisitheora, struchtúr an urrúsaithe agus riosca creidmheasa na sócmhainní foluiteacha;
(g)
próifíl leachtachta na hionstraime.
Féadfaidh bainisteoir CMA rabhaidh agus táscairí a chur san áireamh freisin, sa bhreis ar na tosca agus na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear sa mhír seo, i gcás ina bhfuiltear ag cinneadh cáilíocht chreidmheasa ionstraime margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 17(7).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|