|
+Airteagal 24 1. |
Airteagal 24 1.Comhlíonfaidh CMA gearrthéarmach ar bhonn leanúnach gach ceann de na ceanglais phunainne seo a leanas:
(a)
ní faide ná 60 lá de WAM atá le bheith ag a phunann;
(b)
ní faide ná 120 lá de WAL atá le bheith ag a phunann, faoi réir an dara agus an triú fomhír;
(c)
le haghaidh CMAnna de chineál LVNAV agus CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, tá ar a laghad 10 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra láoibre amháin a thabhairt. Níl CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 10 % a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA sin;
(d)
le haghaidh CMAnna gearrthéarmacha de chineál VNAV, tá ar a laghad 7,5 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra lá oibre amháin a thabhairt. Níl CMA gearrthéarmach VNAV le haon sócmhainn eile a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA ansin ag infheistiú níos lú ná 7,5 % dá phunann i sócmhainní a aibíonn go laethúil;
(e)
le haghaidh CMAnna de chineál LVNAV agus CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, tá ar a laghad 30 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 30 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA sin;
(f)
le haghaidh CMA de chineál VNAV, tá ar a laghad 15 % dá shócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA gearrthéarmach de chineál VNAV le haon sócmhainn eile a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA ag infheistiú níos lú ná 15 % dá phunann i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil;
(g)
ar mhaithe leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (e) a dhéanamh, féadfar ócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17(7) atá an-leachtach agus ar féidir iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh de lá oibre amháin agus a bhfuil aibíocht iarmhair suas le 190 lá acu a chur san áireamh freisin leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil atá ag CMA de chineál LVNAV agus CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí suas le teorainn 17,5 % dá shócmhainní;
(h)
ar mhaithe leis an ríomh da dtagraítear i bpointe (f) a dhéanamh, féadfar ionstraimí margaidh airgid nó aonaid nó scaireanna CMAnna eile a chur san áireamh leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil atá ag CMA de chinéal VNAV gearrthéarmach suas le teorainn 7,5 % dá shócmhainní, ar choinníoll go bhfuiltear in ann iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh den chéad chúig lá oibre eile. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, nuair a bheidh an WAL á ríomh le haghaidh urrúsuithe, lena n-áirítear ionstraimí struchtúrtha airgeadais, bunóidh an CMA gearrthéarmach an aibíocht a ríomhtar ar aibíocht iarmhair go dtí dáta fuascailte dlíthiúil na n-ionstraimí. I gcás ina ndéanann ionstraim airgeadais ceart díola a leabú, áfach, féadfaidh CMA gearrthéarmach ríomh na haibíochta a bhunú ar dháta feidhmithe an chirt díola in ionad é a bhunú ar an aibíocht iarmhair, ach ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh i gcónaí:
(i)
is féidir leis an CMA gearrthéarmach an ceart díola a fheidhmiú go neamhshriantach ar a dháta feidhmithe;
(ii)
tá praghas ceangail an chirt díola fanta cóngarach do luach measta na hionstraime ar an dáta feidhmithe;
(iii)
tá sé le tuiscint ó straitéis infheistíochta an CMA ghearrthéarmaigh go bhfuil dóchúlacht ard ann go ndéanfar an díol a fheidhmiú ar an dáta feidhmithe. De mhaolú ar an dara fomhír, tráth a dhéantar WAL a ríomh le haghaidh urrúsuithe agus ABCPanna, féadfaidh CMA gearrthéarmach ríomh na haibíochta a bhunú ina ionad sin, i gcás ionstraimí amúchta, ar cheachtar díobh seo a leanas:
(i)
próifíl chonarthach amúchta na n-ionstraimí sin; nó
(ii)
próifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha ónar eascair na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|