+Airteagal 27 An beartas “Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí”
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.

Airteagal 27 An beartas “Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí”

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Gan dochar d'aon cheanglais níos déine a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), déanfaidh bainisteoir CMA nósanna imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm agus glacfaidh sé gach cúram cuí d'fhonn an tionchar a bheadh ag fuascailtí comhthráthacha ag roinnt infheisteoirí a thuar, á chur san áireamh dó ar a laghad cineál an infheisteora, líon na n-aonad nó na scaireanna sa chiste atá faoi úinéireacht infheisteora aonair agus éabhlóid na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí.
Airteagal 27 2.

Má théann luach na n-aonad nó na scaireanna atá i seilbh infheisteora aonair thar an gceanglas leachtachta laethúil comhfhreagrach atá ag CMA, déanfaidh bainisteoir an CMA na tosca a leagtar amach i mír 1, chomh maith le gach ceann díobh seo a leanas, a bhreithniú:

(a) 

pátrúin inaitheanta maidir le riachtanais airgid infheisteoirí, lena n-áirítear an éabhlóid thimthriallach ar líon na scaireanna sa CMA;

(b) 

col riosca na n-infheisteoirí éagsúla;

(c) 

méid an chomhghaoil nó na ndlúthnasc idir infheisteoirí éagsúla sa CMA.

Airteagal 27 3.
I gcás ina ndíríonn infheisteoirí a gcuid infheistíochtaí trí idirghabhálaí, déanfaidh bainisteoir CMA an fhaisnéis maidir le mír 1 agus le mír 2 a chomhlíonadh a iarraidh ar an idirghabhálaí ar mhaithe le leachtacht agus comhchruinniú infheisteoirí an CMA a bhainistiú mar is iomchuí.
Airteagal 27 4.
Déanfaidh bainisteoir CMA a áirithiú nach mbeidh tionchar ábharach ag luach na n-aonad nó na scaireanna atá i seilbh infheisteora aonair ar phróifíl leachtachta an CMA i gcás inar cuid mhór de NAV an CMA í an phróifíl leachtachta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.