+Airteagal 43 Comhar idir údaráis
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
|
Airteagal 43 Comhar idir údaráis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Murab ionann údarás inniúil an CMA agus údarás inniúil bainisteora CMA, oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 43 2.
|
Oibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM i gcomhar le chéile chun a gcuid dualgas faoi seach faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 43 3.
|
Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach faoin Rialachán seo as údarú nó faireachán CMAnna faisnéis a chur chuig údaráis inniúla na mBallstát eile i gcás inarb ábhartha an fhaisnéis sin chun faireachán a dhéanamh ar na himpleachtaí féideartha atá ag gníomhaíochtaí CMAnna aonair nó ag CMAnna le chéile i ndáil le cobhsaíocht institiúidí airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus le feidhmiú rianúil na margaí a bhfuil na CMAnna gníomhach iontu, agus i gcás inarb ábhartha an fhaisnéis chun freagairt do na himpleachtaí féideartha sin. Cuirfear ÚEUM agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) ar an eolas freisin agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig údaráis inniúla na mBallstát eile.
|
|
Airteagal 43 4.
|
Ar bhonn na faisnéise a bheidh tarchurtha ag údaráis inniúla naisiúnta de bhun Airteagal 37(5), déanfaidh ÚEUM, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, tuarascáil a ullmhú le cur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfianaise an athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 46 den Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|