2. Bunóidh lucht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin córais agus rialuithe iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na hiasachtaí arna n-idirghabháil ar an ardán sluachistiúcháin agus déanfaidh siad maoirsiú ar chur chun feidhme na gcóras agus na rialuithe úd.
Áiritheoidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann bainistiú punainne aonair iasachtaí ar fáil go bhfuil córais agus rialuithe leordhóthanacha i bhfeidhm aige le haghaidh bainistiú riosca agus samhaltú airgeadais don soláthar seirbhísí sin agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) go (3).