16. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú tuilleadh:
|
(a)
|
na ceanglais agus na socruithe maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha don iarratas ar údarú; agus
|
|
(b)
|
na bearta agus na nósanna imeachta don phlean leanúnachais gnó dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 2.
|
Agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.