+Airteagal 12 Údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6
---+Airteagal 12 7
---+Airteagal 12 8
---+Airteagal 12 9
---+Airteagal 12 10
---+Airteagal 12 11
---+Airteagal 12 12
---+Airteagal 12 13
---+Airteagal 12 14
---+Airteagal 12 15
---+Airteagal 12 16
|
Airteagal 12 Údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Duine dlítheanach ag a bhfuil sé beartaithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, cuirfidh sé iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
ainm (lena n-áirítear ainm dlíthiúil agus aon ainm eile gnó a bheidh le húsáid) an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin, seoladh idirlín an tsuímh gréasáin a bheidh á oibriú ag an soláthraí sin mar aon le seoladh fisiciúil an tsuímh;
|
|
(b)
|
foirm dhlíthiúil an tsoláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(c)
|
airteagail chomhlachais an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(d)
|
clár oibríochtaí ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí sluachistiúcháin ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar agus an t-ardán sluachistiúcháin a bhfuil sé ar intinn aige a oibriú, lena n-áirítear cá háit agus cén chaoi a bhfuil tairiscintí sluachistiúcháin le margú;
|
|
(e)
|
tuairisc ar shocruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistíochta riosca agus cuntasaíochta;
|
|
(f)
|
tuairisc ar chórais, acmhainní agus nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun na córais próiseála sonraí a rialú agus a choimirciú;
|
|
(g)
|
tuairisc ar rioscaí oibriúcháin an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(h)
|
tuairisc ar choimircí stuamachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11;
|
|
(i)
|
cruthúnas go gcomhlíonann an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin na coimircí stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 11;
|
|
(j)
|
tuairisc ar phlean leanúnachais gnó an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin agus cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar san áireamh, lena mbunaítear bearta agus nósanna imeachta lena n-áirithítear, i gcás ina gclisfear ar an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin, leanúnachas maidir le soláthar seirbhísí criticiúla a bhaineann le hinfheistíochtaí atá ann cheana agus dea-rialachas na gcomhaontuithe idir an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin agus an cliant;
|
|
(k)
|
céannacht na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú;
|
|
(l)
|
cruthúnas go bhfuil dea-chlú ar na daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointe (k) agus go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú;
|
|
(m)
|
tuairisc ar rialacha inmheánacha an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun cosc a chur ar na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) ó bheith ag gabháil, mar úinéirí tionscadail, le seirbhísí sluachistiúcháin arna dtairiscint ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(n)
|
tuairisc ar shocruithe seachfhoinsithe an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(o)
|
tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin maidir le gearáin ó chliaint a láimhseáil;
|
|
(p)
|
deimhniú faoi cé acu atá sé nó nach bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí íocaíochta a sholáthar é féin nó trí thríú páirtí, faoi Threoir (AE) 2015/2366, nó trí shocrú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo;
|
|
(q)
|
tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun iomláine, cruinneas agus soiléire na faisnéise atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhíorú;
|
|
(r)
|
tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin i dtaca le teorainneacha infheistíochta d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla dá dtagraítear in Airteagal 21(7).
|
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Chun críocha phointe (l) de mhír 2, soláthróidh soláthraithe ionchasacha seirbhísí sluachistiúcháin cruthúnas ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
nach ann do thaifead coiriúil i leith ciontuithe nó pionóis maidir le sáruithe ar rialacha náisiúnta sna réimsí seo a leanas: an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an dlí maidir le seirbhísí airgeadais, an dlí maidir le frithsciúradh airgid, an dlí calaoise nó oibleagáidí maidir le dliteanas gairmiúil le haghaidh na ndaoine nádúrtha go léir a bhfuil baint acu leis an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus do scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20 % nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála;
|
|
(b)
|
maidir leis na daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leis an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, cruthúnas go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu mar ghrúpa chun an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine nádúrtha sin am leordhóthanach a chaitheamh lena ndualgais a chomhlíonadh.
|
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Laistigh de 25 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear i mír 1 a fháil, measúnóidh an t-údarás inniúil cé acu a comhlánaíodh nó nár comhlánaíodh an t-iarratas trína sheiceáil gur tíolacadh an fhaisnéis a liostaítear i mír 2. I gcás nár comhlánaíodh an t-iarratas, leagfaidh an t-údarás inniúil spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis a fágadh ar lár a sholáthar.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. I gcás iarratas dá dtagraítear i mír 1 a bheidh neamhchomhlánaithe agus an spriocdháta dá dtagraítear i mír 4 caite, féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú athbhreithniú a dhéanamh ar an t-iarratas agus, i gcás diúltú den sórt sin, cuirfidh sé na doiciméid arna dtíolacadh ar ais chuig an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin.
|
|
Airteagal 12 6
|
6. I gcás inar comhlánaíodh an t-iarratas mar a thagraítear dó i mír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach don soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin faoi sin.
|
|
Airteagal 12 7
|
7. Sula nglacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháina a dhiúltiú, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil i mBallstát eile sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
is fochuideachta é an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;
|
|
(b)
|
is fochuideachta é an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin den mháthairchuideachta de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin; nó
|
|
(c)
|
tá an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin.
|
|
|
Airteagal 12 8
|
8. Measúnóidh an t-údarás inniúil, laistigh de thrí mhí ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus glacfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe chun údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a dheonú nó a dhiúltú. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin atá ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar. Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a dhiúltú más ann d’fhorais oibiachtúla fhollasacha chun a chreidiúint go bhféadfadh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas i mbaol: bainistiú stuama fónta éifeachtach agus leanúnachas gnó an tsoláthraí seirbhísí sin chomh maith le haird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh.
|
|
Airteagal 12 9
|
9. Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA ar an eolas maidir le gach údarú a deonaíodh faoin Airteagal seo. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis maidir leis na hiarratais rathúla sin le clár na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh ESMA faisnéis a iarraidh chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla údaruithe faoin Airteagal seo a dheonú ar bhealach comhsheasmhach.
|
|
Airteagal 12 10
|
10. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin faoina chinneadh laistigh de thrí lá oibre tar éis dháta an chinnidh sin.
|
|
Airteagal 12 11
|
11. Comhlíonfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, arna údarú i gcomhréir leis an Airteagal seo, na coinníollacha maidir le húdarú i gcónaí.
|
|
Airteagal 12 12
|
12. Ní cheanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin ar bhonn trasteorann a bheith i láthair go fisiciúil i gcríoch Ballstáit cé is moite den Bhallstát sin ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe.
|
|
Airteagal 12 13
|
13. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a údaraítear faoin Rialachán seo dul i mbun gníomhaíochtaí eile lasmuigh de na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an údarú dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an dlí ábhartha de chuid an Aontais is infheidhme nó an dlí ábhartha náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 12 14
|
14. I gcás ina ndéanfaidh eintiteas arna údarú de bhun Treoir 2009/110/CE, 2013/36/AE, 2014/65/AE nó (AE) 2015/2366, nó an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo, ní cheanglóidh an t-údarás inniúil ar an eintiteas sin agus iarratas á dhéanamh aige ar údarú de bhun na dTreoracha sin nó de bhun dlí náisiúnta, faisnéis nó doiciméid a sholáthar ar tíolacadh cheana féin agus iarratas ar údarú á dhéanamh aige de bhun na dTreoracha sin nó de bhun an dlí náisiúnta, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis nó na doiciméid sin cothrom le dáta agus go mbeidh rochtain ag an údarás inniúil orthu.
|
|
Airteagal 12 15
|
15. I gcás ina bhféachann soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin freisin le hiarratas a dhéanamh ar údarú chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar i dtaca le seirbhísí sluachistiúcháin agus i dtaca leis sin amháin, agus sa mhéid gurb iad na húdaráis inniúla atá freagrach freisin as an údarú faoi Threoir (AE) 2015/2366, ceanglóidh na húdaráis inniúla nach ndéanfar an fhaisnéis agus na doiciméid atá le tíolacadh faoi gach iarratas a thíolacadh ach aon uair amháin.
|
|
Airteagal 12 16
|
16. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú tuilleadh:
|
(a)
|
na ceanglais agus na socruithe maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha don iarratas ar údarú; agus
|
|
(b)
|
na bearta agus na nósanna imeachta don phlean leanúnachais gnó dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 2.
|
Agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|