+Airteagal 16 Tuairisciú arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
|
Airteagal 16 Tuairisciú arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1
|
1. Soláthróidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin gach bliain agus ar bhonn rúnda, liosta de na tionscadail arna gcistiú trína ardán sluachistiúcháin chuig an údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú, ina sonrófar an méid seo a leanas i gcás gach tionscadail:
|
(a)
|
an t-úinéir tionscadail agus an tsuim a tiomsaíodh;
|
|
(b)
|
an ionstraim eisithe, mar a shainmhínítear i bpointí (b), (m) agus (n) d’Airteagal 2(1);
|
|
(c)
|
faisnéis chomhiomlánaithe i ndáil leis na hinfheisteoirí agus an tsuim infheistithe arna miondealú de réir cónaí chun críoch cánach na n-infheisteoirí, ag déanamh idirdhealú idir infheisteoirí sofaisticiúla agus infheisteoirí neamhshofaisticiúla.
|
|
|
Airteagal 16 2
|
2. Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i bhformáid anaithnidithe do ESMA, laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis sin. Ullmhóidh agus foilseoidh ESMA staidreamh bliantúil comhiomlánaithe maidir leis an margadh sluachistiúcháin san Aontas ar a shuíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 16 3
|
3. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun caighdeáin agus formáidí sonraí, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|