2. I gcás ina dtarraingníonn an t-údarás inniúil i mBallstát siar an t-údarú, déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú mar phointe teagmhála aonair sa Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 29(2), fógra a thabhairt, gan mhoill mhíchuí, do ESMA agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile ina soláthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 18. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis maidir le tarraingt siar an t-údarú sin isteach sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14.