8. Iarrfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar an úinéir tionscadail fógra a thabhairt dó faoi aon athrú faisnéise ionas go mbeifear in ann an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí agus ar feadh ré na tairisceana sluachistiúcháin. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin infheisteoirí a rinne tairiscint infheistíochta nó a léirigh suim sna tairisceana sluachistiúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fógraíodh dó.