10. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin i ndáil le dliteanas sibhialta maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
tá an fhaisnéis míthreorach nó míchruinn; nó
|
|
(b)
|
fágtar ar lár sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun cabhrú le hinfheisteoirí agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an tionscadal sluachistiúcháin a mhaoiniú.
|