15. I gcás ina dtugtar bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí d’infheisteoirí ionchasacha arna tarraingt suas i gcomhréir leis an Airteagal seo, measfar go bhfuil an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a dhréachtú comhlíonta ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus na húinéirí tionscadail i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thugann comhairle i ndáil le tairiscint sluachistiúcháin nó a dhéanann tairiscint sluachistiúcháin a mhargú.