1. Bunóidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta lena gceadófar do chliaint agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla maidir le sáruithe líomhnaithe soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar an Rialachán seo. I ngach cás, ba cheart glacadh le gearáin i bhfoirm scríofa nó leictreonach, agus i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit inar tíolacadh an gearán nó i dteanga a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.