1. Tabharfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA maidir leis na pionóis riaracháin nó na bearta riaracháin eile go léir a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 39. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin in dtuarascáil bhliantúil.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 39(1), pionóis choiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh pionóis choiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.