1. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit agus cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, faoin 10 Samhain 2021, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 47 a chomhlíonadh.Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta sin roimh an dáta trasuite dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2019/1937, cuirfear glacadh, foilsiú agus cur i bhfeidhm na ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin sin siar go dtí an dáta trasuite dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2019/1937.