+Airteagal 6 Sócmhainní cumhdaigh incháilithe
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.
|
Airteagal 6 Sócmhainní cumhdaigh incháilithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Éileoidh na Ballstáit go mbeidh bannaí faoi chumhdach i gcónaí urrúsaithe ag an méid seo a leanas:
(a)
sócmhainní atá incháilithe de bhun Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach ceanglais mhíreanna 1a go 3 d’Airteagal 129 den Rialachán sin;
(b)
sócmhainní cumhdaigh ardcháilíochta lena n‐áirithítear go bhfuil éileamh ar íocaíocht ag an institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach mar a leagtar amach i mír 2 agus atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta mar a leagtar amach i mír 3; nó
(c)
sócmhainní i bhfoirm iasachtaí atá le tabhairt do ghnóthais phoiblí nó arna ráthú ag gnóthais phoiblí, faoi réir mhír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Beidh an t‐éileamh ar íocaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoi réir na gceanglas dlí seo a leanas:
(a)
is ionann an tsócmhainn agus éileamh ar íocaíocht airgid a mbíonn íosluach aige is inchinnte i gcónaí, atá bailí agus in-fhorfheidhmithe de réir dlí, nach bhfuil faoi réir coinníollacha seachas an coinníoll go n‐aibeoidh an t‐éileamh ar dháta éigin amach anseo, agus go bhfuil an t‐éileamh urrúsaithe le morgáiste, muirear, lian nó ráthaíocht eile;
(b)
tá an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht in-fhorfheidhmithe;
(c)
comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an morgáiste, an táille, an lian nó ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht a bhunú;
(d)
cuireann an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht ar chumas na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach luach an éilimh a aisghabháil gan moill mhíchuí.
Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach measúnú ar in-fhorfheidhmitheacht na n‐éileamh ar íocaíocht agus ar an gcumas sócmhainní comhthaobhachta a réadú sula n‐áireoidh siad sa chomhthiomsú cumhdaigh iad.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Comhlíonfaidh na sócmhainní comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:
(a)
i gcás sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta, tá caighdeáin luachála ann a nglactar leo i gcoitinne i measc saineolaithe agus atá oiriúnach don tsócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta lena mbaineann agus tá clár poiblí ann ina dtaifeadtar úinéireacht na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta sin agus éilimh orthu; nó
(b)
i gcás sócmhainní i bhfoirm risíochtaí, is intuigthe sábháilteacht agus fóntacht an chontrapháirtí risíochta as cumhachtaí ardaithe cánach nó as bheith faoi réir maoirseacht phoiblí leanúnach ar fhóntacht oibríochtúil agus ar sócmhainneacht airgeadais an chontrapháirtí.
Le sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, rannchuideofar le cumhdach na ndliteanas a ghabhann leis an mbanna faoi chumhdach suas leis an méid is lú de phríomhshuim na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 70 % de luach na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta sin. Sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo agus ar sócmhainní slána iad mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) de mhír 1, ceanglófar go gcomhlíonfaidh siad an teorainn de 70 % nó na teorainneacha atá in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Más rud é, chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, nach ann d’aon chlár poiblí le haghaidh sócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta ar leith, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le foirm mhalartach dheimhniúchán úinéireacht na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta sin agus foirm mhalartach éileamh ar an tsócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta sin, a mhéid a sholáthraíonn foirm an deimhniúcháin sin cosaint atá inchomparáide leis an gcosaint a sholáthraítear le clár poiblí sa chiall is go gceadaítear léi, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann, do thríú páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta ualaithe a shainaithint, úinéireacht a chur i leith, doiciméadacht agus cur i leith na n‐ualach agus in-fhorfheidhmeacht na leasanna urrúis.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Chun críocha phointe (c) de mhír 1, bannaí faoi chumhdach arna n‐urrúsú ag iasachtaí nó arna ráthú mar shócmhainní príomhúla ag gnóthais phoiblí, beidh siad faoi réir íosleibhéal 10 % de ró-urrúsú comhthaobhach beidh siad faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
déanann na gnóthais phoiblí seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar ar bhonn ceadúnais, conradh lamháltais nó foirm eile iontaoibhe arna deonú ag údarás poiblí;
(b)
tá na gnóthais phoiblí faoi réir maoirseacht phoiblí;
(c)
tá cumhachtaí leordhóthanacha ginte ioncaim ag na gnóthais phoiblí, rud a áirithítear toisc gur fíor an méid seo a leanas i leith na ngnóthas poiblí sin:
(i)
tá solúbthacht leordhóthanach acu i ndáil le táillí, muirir agus infháltais i leith na seirbhíse arna soláthar a bhailiú agus a mhéadú chun a bhfóntacht airgeadais agus a sócmhainneacht airgeadais a áirithiú;
(ii)
faigheann siad deontais leordhóthanacha ar bhonn reachtúil chun a bhfóntacht airgeadais agus a sócmhainneacht airgeadais a áirithiú mar mhalairt ar sheirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar, nó
(iii)
tá comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta acu le húdarás poiblí.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an modheolaíocht agus leis an bpróiseas chun luacháil a dhéanamh ar shócmhainní fisiciúla comhthaobhachta a urrúsaíonn sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1. Áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad leis na rialacha sin:
(a)
i gcás gach sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta, is ann do luacháil reatha arb ionann í agus an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, nó ar lú í ná an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, tráth a dhéantar an tsócmhainn chumhdaigh a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh;
(b)
déanann luachálaí an luacháil, ar luachálaí é nó í ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá; agus
(c)
tá an luachálaí neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa, ní áiríonn sé nó sí eilimintí amhantracha sa mheasúnú ar luach na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta, agus déanann sé nó sí luach na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir.
|
|
Airteagal 6 6.
|
Éileoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta a urrúsaíonn sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo árachaithe a ndóthain in aghaidh priacal damáiste agus go bhfuil an t‐éileamh árachais leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 12.
|
|
Airteagal 6 7.
|
Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach doiciméadú ar na sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus ar chomhlíonadh a mbeartas maidir le hiasachtaí a thabhairt le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an tAirteagal seo.
|
|
Airteagal 6 8.
|
Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena n‐áiritheofar éagsúlú priacail sa chomhthiomsú cumhdaigh i ndáil le gráinneacht agus tiúchan ábhair i gcás sócmhainní nach bhfuil incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2162
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|