|
+Airteagal 12 1. |
Airteagal 12 1.Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena rialófar leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh. Beidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna rialacha sin:
(a)
tá na sócmhainní cumhdaigh go léir inaitheanta i gcónaí ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;
(b)
tá na sócmhainní cumhdaigh go léir sa chomhthiomsú cumhdaigh faoi réir leithscaradh atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;
(c)
tá na sócmhainní cumhdaigh go léir cosanta ar éilimh tríú páirtí agus níl aon sócmhainn chumhdaigh ina cuid d’eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach go dtí go sásófar an teideal céadtosaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1). Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheofar aon chomhthaobhacht a fuarthas maidir le suíomhanna conarthaí díorthach leis na sócmhainní cumhdaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|