|
+Airteagal 31 2. |
Airteagal 31 2.Faoin 8 Iúil 2024, déanfaidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo i dtaca le leibhéal na cosanta infheisteoirí agus leis na forbairtí i ndáil le bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint san Aontas. Áireofar sa tuarascáil aon mholtaí le haghaidh gníomhaíocht bhreise. Áireofar sa tuarascáil faisnéis faoin méid seo a leanas:
(a)
forbairtí maidir le líon na gceadanna chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint;
(b)
forbairtí maidir le líon na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
forbairtí maidir leis na sócmhainní lena gcomhthaobhaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach;
(d)
forbairtí maidir le leibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh;
(e)
infheistíochtaí trasteorann i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear infheistíocht isteach ó thríú tíortha agus infheistíocht amach chucu;
(f)
forbairtí maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte;
(g)
forbairtí maidir leis na priacail agus na tairbhí a bhaineann le risíochtaí a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(h)
feidhmiú mhargaí na mbannaí faoi chumhdach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|