|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Beidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)
Cathaoirleach agus chéad Leas-Cathaoirleach an BERS;
(b)
an comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE atá freagrach as an gcobhsaíocht airgeadais agus as an mbeartas macrastuamachta;
(c)
ceithre chomhalta náisiúnta den Bhord Ginearálta ag a bhfuil cearta vótála, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótala a thoghfaidh na comhaltaí sin as a gcomhaltaí féin, le haghaidh tréimhse trí bliana;
(d)
ionadaí ón gCoimisiún;
(e)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);
(f)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);
(g)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);
(h)
Uachtarán an CEA;
(i)
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch; agus
(j)
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil. Líonfar aon fholúntas le haghaidh comhalta tofa den Choiste Stiúrtha trí thoghadh comhalta nua ag an mBord Ginearálta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|