+Airteagal 4 Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbhearta cártabhunaithe
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
|
Airteagal 4 Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbhearta cártabhunaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
I ndáil leis na ceanglais faisnéise maidir le muirir comhshó airgeadra agus leis an ráta malairte is infheidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, agus páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag uathmheaisín bainc (UMB) nó ag an díolphointe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(2) den Treoir sin, na muirir iomlána comhshó airgeadra a shloinneadh mar chéatadán marcála suas os cionn na rátaí tagartha malairte eachtraí euro is déanaí atá ar fáil arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Déanfar an mharcáil suas sin a nochtadh don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta an mharcáil suas dá dtagraítear i mír 1 poiblí freisin ar bhealach intuigthe a bhfuil sé éasca rochtain a fháil air ar ardán leictreonach atá ar fáil go forleathan agus inrochtana go héasca.
|
|
Airteagal 4 3.
|
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh páirtí a sholáthraíonn seirbhís comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta:
(a)
an méid atá le híoc leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí;
(b)
an méid atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Déanfaidh páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar taispeáint go soiléir ag an UMB nó ag an díolphointe. Sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, cuirfidh an páirtí sin an t-íocóir ar an eolas freisin go bhfuil an fhéidearthacht ann íoc san airgeadra a úsáideann an t-íocaí agus go bhféadfadh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an comhshó airgeadra a dhéanamh ina dhiaidh sin. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chur ar fáil gan mhoill don íocóir ar mheán marthanach tar éis thús an idirbhirt íocaíochta freisin.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Maidir le gach cárta íocaíochta a d’eisigh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra chuig an íocóir agus atá nasctha leis an gcuntas céanna, seolfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra teachtaireacht leictreonach chuig an íocóir ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill mhíchuí tar éis do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta a fháil le haghaidh aistarraingt airgid ag UMB nó le haghaidh íocaíocht ag an díolphointe atá ainmnithe in aon airgeadra Aontais atá éagsúil ó airgeadra chuntas an íocóra. D’ainneoin na chéad fhomhíre, seolfar teachtaireacht den sórt sin uair amháin i ngach mí ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta ón íocóir atá ainmnithe san airgeadra céanna.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Tiocfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta ar chomhaontú leis an úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir leis an mbealach nó na bealaí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go forleathan agus atá inrochtana go héasca trína ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 a sheoladh. Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhéidearthacht a thairiscint d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta diúltú na teachtaireachtaí leictreonacha a fháil, ar teachtaireachtaí iad dá dtagraítear i mír 5. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus an t-úsáideoir seirbhíse íocaíochta teacht ar chomhaontú nach bhfuil feidhm ag mír 5 ná ag an mír seo go hiomlán nó go páirteach i gcás nach tomhaltóir é an t-úsáideoir seirbhíse íocaíochta.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar saor in aisce agus ar bhealach neodrach agus intuigthe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1230
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|