+Airteagal 14 Athbhreithniú
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
|
Airteagal 14 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Faoin 19 Aibreán 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe:
(a)
meastóireacht ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta Airteagal 3 den Rialachán seo i bhfeidhm;
(b)
meastóireacht ar fhorbairt líon na n-íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann agus na muirear ar na híocaíochtaí sin in airgeadraí náisiúnta na mBallstát agus in euro ón dáta a glacadh Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), eadhon, an 19 Márta 2019;
(c)
meastóireacht ar thionchar Airteagal 3 den Rialachán seo maidir le forbairt na muirear comhshó airgeadra agus muirear eile a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, d’íocóirí agus d’íocaithe araon;
(d)
meastóireacht ar thionchar measta Airteagal 3(1) den Rialachán seo a leasú ionas go gcumhdófaí airgeadraí na mBallstát uile;
(e)
meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann seirbhísí comhshó airgeadra na ceanglais faisnéise a chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus sna dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus cibé an bhfuil na rialacha sin tar éis feabhas a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra;
(f)
meastóireacht ar cibé an raibh ar sheirbhísí comhshó airgeadra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus na dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus, más rud é go raibh orthu, cá mhéad;
(g)
anailís chostais-tairbhe ar na bealaí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide atá in úsáid ag soláthraithe seirbhísí comhshó airgeadra, nó atá ar fáil dóibh, agus ar féidir leo feabhas breise a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra, lena n-áirítear meastóireacht ar cibé an bhfuil bealaí áirithe ar cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad a chur ar fáil i gcomhair sheoladh na faisnéise dá dtagraítear in Aireagal 4; ba cheart go n-áireofaí san anailís sin freisin measúnú ar a indéanta atá sé go teicniúil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (3) den Rialachán seo a nochtadh go comhuaineach, roimh thús gach idirbhirt, le haghaidh na roghanna comhshó airgeadra go léir atá ar fáil ag an UMB nó ag an díolphointe;
(h)
anailís chostais-tairbhe ar thabhairt isteach na féidearthachta le haghaidh íocóirí an rogha a bhlocáil glacadh le comhshó airgeadra a thairgeann páirtí seachas soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ag UMB nó ag an díolphointe agus a roghanna ina leith sin a athrú;
(i)
anailís chostais-tairbhe ar cheanglas a thabhairt isteach ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, go gcuirfidís i bhfeidhm, agus iad ag soláthar seirbhísí comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbheart indibhidiúil íocaíochta, an ráta comhshó is infheidhme tráth a chuirtear tús le hidirbheart agus an t-idirbheart á imréiteach agus á ghlanadh.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad an tréimhse ón 15 Nollaig 2019 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2021. Agus an tuarascáil á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as sonraí arna mbailiú ag Ballstáit i ndáil le mír 1 agus cuirfidh sé san áireamh sainiúlachtaí na n-idirbheart éagsúil íocaíochta, ag idirdhealú go háirithe idir idirbhearta a tosaíodh ag UMB agus ag an díolphointe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1230
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|