|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Faoin 19 Aibreán 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe:
(a)
meastóireacht ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta Airteagal 3 den Rialachán seo i bhfeidhm;
(b)
meastóireacht ar fhorbairt líon na n-íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann agus na muirear ar na híocaíochtaí sin in airgeadraí náisiúnta na mBallstát agus in euro ón dáta a glacadh Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), eadhon, an 19 Márta 2019;
(c)
meastóireacht ar thionchar Airteagal 3 den Rialachán seo maidir le forbairt na muirear comhshó airgeadra agus muirear eile a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, d’íocóirí agus d’íocaithe araon;
(d)
meastóireacht ar thionchar measta Airteagal 3(1) den Rialachán seo a leasú ionas go gcumhdófaí airgeadraí na mBallstát uile;
(e)
meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann seirbhísí comhshó airgeadra na ceanglais faisnéise a chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus sna dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus cibé an bhfuil na rialacha sin tar éis feabhas a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra;
(f)
meastóireacht ar cibé an raibh ar sheirbhísí comhshó airgeadra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus na dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus, más rud é go raibh orthu, cá mhéad;
(g)
anailís chostais-tairbhe ar na bealaí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide atá in úsáid ag soláthraithe seirbhísí comhshó airgeadra, nó atá ar fáil dóibh, agus ar féidir leo feabhas breise a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra, lena n-áirítear meastóireacht ar cibé an bhfuil bealaí áirithe ar cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad a chur ar fáil i gcomhair sheoladh na faisnéise dá dtagraítear in Aireagal 4; ba cheart go n-áireofaí san anailís sin freisin measúnú ar a indéanta atá sé go teicniúil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (3) den Rialachán seo a nochtadh go comhuaineach, roimh thús gach idirbhirt, le haghaidh na roghanna comhshó airgeadra go léir atá ar fáil ag an UMB nó ag an díolphointe;
(h)
anailís chostais-tairbhe ar thabhairt isteach na féidearthachta le haghaidh íocóirí an rogha a bhlocáil glacadh le comhshó airgeadra a thairgeann páirtí seachas soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ag UMB nó ag an díolphointe agus a roghanna ina leith sin a athrú;
(i)
anailís chostais-tairbhe ar cheanglas a thabhairt isteach ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, go gcuirfidís i bhfeidhm, agus iad ag soláthar seirbhísí comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbheart indibhidiúil íocaíochta, an ráta comhshó is infheidhme tráth a chuirtear tús le hidirbheart agus an t-idirbheart á imréiteach agus á ghlanadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|