|
+Airteagal 19 2. |
Airteagal 19 2.Chun trédhearcacht a sholáthar mar gheall ar shaintréithe comhshaoil na neamhchosaintí urrúsaithe, déanfar faisnéis faoin méid seo a leanas a áireamh sa réamheolaire ar bhonn na n-iarrachtaí is fearr agus a mhéid is féidir leis an tionscnóir, ar bhonn na sonraí atá ar fáil:
(a)
an sciar de na neamhchosaintí urrúsaithe i gcomhthiomsú na neamhchosaintí urrúsaithe, lena maoinítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha is gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;
(b)
de réir gníomhaíocht eacnamaíoch ábhartha a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, sa chomhthiomsú neamhchosaintí atá incháilithe don tacsanomaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, an sciar de neamhchosaintí urrúsaithe atá tacsanomaíocht-ailínithe;
(c)
in aghaidh na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, sa chomhthiomsú neamhchosaintí atá incháilithe don tacsanomaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, an sciar de neamhchosaintí urrúsaithe nach gcomhlíonann na cuspóirí ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|