+Airteagal 19 Ceanglais bhreise nochta i gcás urrúsú
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
|
Airteagal 19 Ceanglais bhreise nochta i gcás urrúsú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
I gcás banna urrúsaithe a ainmnítear mar ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’, áireofar sa réamheolaire arna fhoilsiú de bhun Rialachán (AE) 2017/1129 ráiteas gur banna urrúsaithe é an banna agus gurb é an tionscnóir atá freagrach as na gealltanais a tugadh sa réamheolaire maidir le húsáid na bhfáltas a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Chun trédhearcacht a sholáthar mar gheall ar shaintréithe comhshaoil na neamhchosaintí urrúsaithe, déanfar faisnéis faoin méid seo a leanas a áireamh sa réamheolaire ar bhonn na n-iarrachtaí is fearr agus a mhéid is féidir leis an tionscnóir, ar bhonn na sonraí atá ar fáil:
(a)
an sciar de na neamhchosaintí urrúsaithe i gcomhthiomsú na neamhchosaintí urrúsaithe, lena maoinítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha is gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;
(b)
de réir gníomhaíocht eacnamaíoch ábhartha a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, sa chomhthiomsú neamhchosaintí atá incháilithe don tacsanomaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, an sciar de neamhchosaintí urrúsaithe atá tacsanomaíocht-ailínithe;
(c)
in aghaidh na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha a liostaítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, sa chomhthiomsú neamhchosaintí atá incháilithe don tacsanomaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, an sciar de neamhchosaintí urrúsaithe nach gcomhlíonann na cuspóirí ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Áireofar an fhaisnéis atá sa réamheolaire i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo freisin sa bhileog fíricí maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus, ar bhonn nuashonruithe bliantúla atá le déanamh ag an tionscnóir, sa tuarascáil leithdháilte maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 11.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|