|
+Airteagal 20 3. |
Airteagal 20 3.I gcás eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhreis ar an léiriú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na heilimintí seo a leanas ar a laghad, lena léireofar intinn an eisitheora bunaithe ar shonraí atá ar fáil tráth na bannaí a eisiúint:
(a)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le cur chun feidhme na bpleananna sin;
(b)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide faisnéis a nochtadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, an tslí ina bhfuiltear ag súil go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le láimhdeachas tacsanomaíocht-ailínithe an eisitheora, caiteachas caipitil an eisitheora agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora;
(c)
an sciar íosta d’fháltais ó bhannaí atá le húsáid le haghaidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|