+Airteagal 20 Nochtaí réamheisiúna d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
|
Airteagal 20 Nochtaí réamheisiúna d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Faoin 21 Nollaig 2024, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte lena mbunófar teimpléid i gcás nochtaí deonacha réamheisiúna i gcomhair eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Léireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cibé an bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir úsáid a bhaint as athbhreithneoir seachtrach agus as an teimpléad coiteann i gcás nochtaí tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 21.
|
|
Airteagal 20 3.
|
I gcás eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhreis ar an léiriú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na heilimintí seo a leanas ar a laghad, lena léireofar intinn an eisitheora bunaithe ar shonraí atá ar fáil tráth na bannaí a eisiúint:
(a)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le cur chun feidhme na bpleananna sin;
(b)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide faisnéis a nochtadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, an tslí ina bhfuiltear ag súil go rannchuideoidh fáltais ó bhannaí le láimhdeachas tacsanomaíocht-ailínithe an eisitheora, caiteachas caipitil an eisitheora agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora;
(c)
an sciar íosta d’fháltais ó bhannaí atá le húsáid le haghaidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852.
|
|
Airteagal 20 4.
|
I gcás eisitheoirí bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sa bhreis ar an léiriú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na heilimintí seo a leanas ar a laghad, lena léireofar intinn an eisitheora bunaithe ar shonraí atá ar fáil tráth na bannaí a eisiúint:
(a)
réasúnaíocht, leibhéal uaillmhéine, ábharthacht agus modheolaíocht ríofa na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna leagan síos ag an eisitheoir;
(b)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh an banna le cur chun feidhme na bpleananna sin;
(c)
i gcás inarb ábhartha, an modh ina bhfuil an banna nasctha le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a chur i bhfeidhm;
(d)
tuairisc ar struchtúr na mbannaí, lena n-áirítear an sásra coigeartaithe cúpóin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|