|
+Airteagal 33 7. |
Airteagal 33 7.Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir chun:
(a)
measúnú a dhéanamh ar chumas agus ar inniúlacht soláthraithe seirbhíse tríú páirtí na gníomhaíochtaí measúnúcháin a dhéanamh go hiontaofa agus go gairmiúil; agus
(b)
a áirithiú nach gcuireann na gníomhaíochtaí measúnúcháin a dhéantar bac ábhartha ar cháilíocht rialú inmheánach na n-athbhreithneoirí seachtracha nó ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-athbhreithneoirí seachtracha leis an Rialachán seo. Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Nollaig 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|