|
+Airteagal 45 1. |
Airteagal 45 1.Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)
ceangal a chur ar eisitheoirí bileoga fíricí maidir le bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhoilsiú nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a áireamh sna bileoga fíricí sin;
(b)
a cheangal ar eisitheoirí athbhreithnithe agus measúnuithe a fhoilsiú;
(c)
a cheangal ar eisitheoirí tuarascálacha leithdháilte bliantúla a fhoilsiú nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a áireamh i dtuarascálacha leithdháilte bliantúla;
(d)
a cheangal ar eisitheoirí tuarascáil tionchair a fhoilsiú nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a áireamh sa tuarascáil tionchair;
(e)
ceangal a chur ar eisitheoirí fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 15(4);
(f)
i gcás ina n-úsáideann eisitheoirí na teimpléid choiteanna dá bhforáiltear in Airteagal 21, ceangal a chur ar na heisitheoirí sin na heilimintí dá dtagraítear iontu a áireamh ina nochtaí iareisiúna tréimhsiúla;
(g)
a cheangal ar iniúchóirí agus ar lucht bainistíochta sinsearaí an eisitheora faisnéis ábhartha agus doiciméid ábhartha a sholáthar;
(h)
tairiscint bannaí Glasa Eorpacha nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann gur mhainnigh an t-eisitheoir oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagail 18 nó 19 a chomhlíonadh;
(i)
toirmeasc a chur ar thairiscint Bannaí Glasa Eorpacha nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil an t-eisitheoir fós ag mainneachtain oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagail 18 nó 19 a chomhlíonadh;
(j)
fógraí a chur ar fionraí ar feadh 10 lá oibre as a chéile ar a mhéad, nó ceangal a chur ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha nó idirghabhálaithe airgeadais lena mbaineann fógraí a chur ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann gur mhainnigh an t-eisitheoir oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagal 18 nó Airteagal 19 a chomhlíonadh;
(k)
fógraí a thoirmeasc, nó ceangal a chur ar eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha nó idirghabhálaithe airgeadais lena mbaineann scor d’fhógraí i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil an t-eisitheoir fós ag mainneachtain oibleagáid de bhun Theideal II, Caibidil 2, nó Airteagal 18 nó Airteagal 19 a chomhlíonadh;
(l)
a phoibliú nach gcomhlíonann eisitheoir Bannaí Glasa Eorpacha an Rialachán seo, agus ceangal a chur ar an eisitheoir sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin;
(m)
toirmeasc a chur ar eisitheoir Bannaí Glasa Eorpacha a eisiúint ar feadh tréimhse ama nach faide ná bliain amháin i gcás ina ndearna eisitheoir sárú tromchúiseach arís agus arís eile ar Theideal II, Caibidil 2, nó ar Airteagal 18 nó 19;
(n)
tar éis tréimhse 3 mhí tar éis an cheanglais dá dtagraítear i bpointe (l) den fhomhír seo, an fíoras nach gcomhlíonann an t-eisitheoir Bannaí Glasa Eorpacha Airteagal 3 a mhéid a bhaineann le húsáid an ainmnithe ‘Banna Glas Eorpach’ nó ‘EuGB’ a phoibliú, agus ceangal a chur ar an eisitheoir sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin;
(o)
cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ar láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha, agus chun na críche sin, dul isteach in aon áitreabh chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhormáid a rochtain, i gcás ina bhfuil drochamhras réasúnta ann go mbeidh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|