|
+Airteagal 49 4. |
Airteagal 49 4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a):
(a)
ráiteas poiblí, ina léirítear an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (1);
(b)
ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompar ar sárú é;
(c)
ordú lena gcuirtear toirmeasc ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú Bannaí Glasa Eorpacha a eisiúint ar feadh tréimhse ama nach faide ná aon bhliain amháin;
(d)
fíneálacha riaracháin uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;
(e)
i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Nollaig 2023, nó 0.5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil agus arna bhformheas ag an comhlacht bainistíochta;
(f)
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 50 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Nollaig 2023. Chun críocha phointe na chéad fhomhíre, pointe (e), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach ar a bhfuil sé de cheangal ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|