+Airteagal 49 Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
|
Airteagal 49 Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil de bhun Airteagal 45 agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar de chumhacht d’údaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur agus bearta riaracháin iomchuí eile a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus ag na bearta riaracháin eile sin maidir leo seo a leanas:
(a)
sáruithe eisitheoirí ar a n-oibleagáidí faoi Theideal II, Caibidil 2, nó faoi Airteagal 18, Airteagal 19 nó Airteagal 21;
(b)
mainneachtain comhoibriú le himscrúdú, le cigireacht nó le ceanglas a chumhdaítear le hAirteagal 45(1) nó mainneachtain iad a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le cumhacht údarás inniúil pionóis riaracháin a fhorchur agus bearta riaracháin iomchuí eile a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír sin faoi réir pionóis choiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta faoin 21 Nollaig 2024. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA i dtaobh na gcodanna ábhartha dá ndlí coiriúil.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Faoin 21 Nollaig 2024, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus ESMA gan mhoill faoi aon leasú air sin ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a):
(a)
ráiteas poiblí, ina léirítear an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (1);
(b)
ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompar ar sárú é;
(c)
ordú lena gcuirtear toirmeasc ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú Bannaí Glasa Eorpacha a eisiúint ar feadh tréimhse ama nach faide ná aon bhliain amháin;
(d)
fíneálacha riaracháin uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;
(e)
i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Nollaig 2023, nó 0.5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil agus arna bhformheas ag an comhlacht bainistíochta;
(f)
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 50 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 20 Nollaig 2023.
Chun críocha phointe na chéad fhomhíre, pointe (e), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach ar a bhfuil sé de cheangal ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
|
|
Airteagal 49 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis bhreise nó do bhearta breise agus d’fhíneálacha riaracháin a bheadh ar leibhéil níos airde ná iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|