+Airteagal 56 Cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
---+Airteagal 56 8.
---+Airteagal 56 9.
|
Airteagal 56 Cigireachtaí ar an láthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1.
|
Chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, féadfaidh ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó, talamh nó maoin na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 54(1). Féadfaidh ESMA an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
|
|
Airteagal 56 2.
|
Féadfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó, ar aon talamh nó maoin de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ESMA agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 55(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó, maoin agus leabhair nó taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
|
|
Airteagal 56 3.
|
Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
|
|
Airteagal 56 4.
|
Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ESMA. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart chun an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú, a shonrú sa chinneadh. Déanfaidh ESMA na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
|
|
Airteagal 56 5.
|
Arna iarraidh sin do ESMA, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh ESMA agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil sin freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 56 6.
|
Féadfaidh ESMA a cheangal ar údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 55(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ESMA de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 55(1).
|
|
Airteagal 56 7.
|
I gcás ina bhfaighidh oifigigh ESMA agus compánaigh eile arna n-údarú ag ESMA go bhfuil duine ag cur in aghaidh cigireacht arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
|
|
Airteagal 56 8.
|
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme, déanfaidh ESMA iarratas ar an údarú sin. Féadfaidh ESMA iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
|
|
Airteagal 56 9.
|
I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú, arb ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach treallach ná iomarcach iad na bearta comhéigneacha atá beartaithe ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó comhréireacht na mbeart comhéigneach a fhíorú, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go sonrach maidir leis na forais atá ag ESMA chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, mar aon le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir athbhreithniú ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais ag leanúint an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|