|
+Airteagal 67 1. |
Airteagal 67 1.Coinneoidh ESMA clár ar a shuíomh gréasáin a bheidh inrochtana go poiblí agus ina liostófar iad seo a leanas:
(a)
athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23;
(b)
athbhreithneoirí seachtracha a bhfuil toirmeasc sealadach orthu a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 59;
(c)
athbhreithneoirí seachtracha ar tarraingíodh siar a gclárú i gcomhréir le hAirteagal 59;
(d)
athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar ceadaíodh dóibh seirbhísí a sholáthar san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 39;
(e)
athbhreithneoirí seachtracha tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 42;
(f)
athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23 agus a fhormhuiníonn na seirbhísí arna soláthar ag athbhreithneoirí seachtracha tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 43;
(g)
athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar tarraingíodh siar a gclárú agus nach n-úsáideann na cearta faoi Airteagal 39 a thuilleadh, i gcás ina dtarraingíonn an Coimisiún siar a chinneadh faoi Airteagal 40(1) i ndáil leis an tríú tír sin;
(h)
athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ar cuireadh a n-aitheantas ar fionraí nó ar tarraingíodh siar é;
(i)
athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 23 agus nach bhfuil in ann na seirbhísí a sholáthraíonn athbhreithneoirí seachtracha tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 43 a fhormhuiniú a thuilleadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|