|
+Airteagal 71 1. |
Airteagal 71 1.Faoin 21 Nollaig 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA agus leis an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bhunaítear le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2020/852, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, a mhéid is féidir, ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
glacadh leis an gcaighdeán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus a sciar den mhargadh, san Aontas agus ar fud an domhain araon, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide;
(b)
tionchar an Rialacháin seo ar an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, ar an mbearna infheistíochtaí is gá chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus ar shreafaí caipitil phríobháidigh a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe;
(c)
feidhmiú an mhargaidh d’athbhreithneoirí seachtracha agus an mhaoirseacht a dhéanann ESMA air;
(d)
oiriúnacht na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 66(3) agus an tionchar a bheidh acu ar athbhreithneoirí seachtracha agus ar bhuiséad ESMA;
(e)
inchreidteacht, agus aon chásanna mí-úsáide, éileamh comhshaoil i margadh na mbannaí glasa;
(f)
feidhmiú mhargadh na mbannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear inchreidteacht agus cáilíocht éileamh ábhartha;
(g)
an gá atá le haitheantas a thabhairt do chritéir tríú tír chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chinneadh mar chritéir atá coibhéiseach leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, ar choinníoll go bhfuil coimircí sonracha i bhfeidhm chun cuspóirí coibhéiseacha a áirithiú, chun leithdháileadh úsáid na bhfáltas ó Bhanna Glas Eorpach a údarú i gcomhréir leis na critéir tríú tír sin;
(h)
tionchar praiticiúil Airteagal 5 ar úsáid Bannaí Glasa Eorpacha, cáilíocht chomhshaoil úsáid a bhfáltas, agus na cúiseanna nach gcuireann an tsolúbthacht dá bhforáiltear san Airteagal sin cosc ar an aistriú chuig maoiniú gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;
(i)
cur chun feidhme Theideal III den Rialachán seo, lena n-áirítear úsáid na dteimpléad dá dtagraítear sa Teideal sin ag eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, bíodh na bannaí sin á margú sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ná bíodh, anailís ar ghlacadh na dteimpléad sin, éabhlóid an mhargaidh agus comhsheasmhacht na dteimpléad sin le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2019/2088. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|