8. Chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le mír 3 a bhailiú agus a bhainistiú go héifeachtúil, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:
|
(a)
|
meiteashonraí ar bith eile a bheidh ag gabháil leis an bhfaisnéis;
|
|
(b)
|
struchtúrú na sonraí atá san fhaisnéis;
|
|
(c)
|
an fhaisnéis a bhfuil formáid atá inléite ag meaisín ag teastáil ina leith agus cén fhormáid atá inléite ag meaisín atá le húsáid.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí éagsúla atá inléite ag meaisín agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.