+Airteagal 14 Clár na soláthraithe rátála ESG agus inrochtaineacht faisnéise maidir leis an bpointe rochtana aonair Eorpach
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7
---+Airteagal 14 8
---+Airteagal 14 9

Airteagal 14 Clár na soláthraithe rátála ESG agus inrochtaineacht faisnéise maidir leis an bpointe rochtana aonair Eorpach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1

1.   Déanfaidh ESMA clár a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

céannacht na soláthraithe rátála ESG a údaraítear de bhun Airteagal 8 nó a chláraítear faoin gcóras sealadach le haghaidh soláthraithe rátála ESG beaga de bhun Airteagal 5(1);

(b)

céannacht na soláthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 agus na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG sin;

(c)

céannacht na soláthraithe rátála ESG formhuiniúcháin agus na soláthraithe rátála ESG formhuinithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 11, agus, i gcás inarb infheidhme, na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG formhuinithe;

(d)

céannacht na soláthraithe rátála ESGatá bunaithe lasmuigh den Aontas a aithníodh i gcomhréir le hAirteagal 12, na n-ionadaithe dlíthiúla atá bunaithe san Aontas de chuid na soláthraithe rátála ESG sin agus, i gcás inarb infheidhme, na n-údarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátála ESG sin.

Airteagal 14 2

2.   Beidh rochtain phoiblí ar an gclár dá dtagraítear i mír 1 ar shuíomh gréasáin ESMA agus tabharfar cothrom le dáta gan mhoill é, de réir mar is gá.

Airteagal 14 3

3.   Ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus Airteagal 23(1) den Rialachán seo á poibliú aige, déanfaidh an soláthraí rátála ESG an fhaisnéis sin, an tráth céanna, a chur faoi bhráid an chomhlachta bailithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859.

Airteagal 14 4

4.   Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

ullmhófar í i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:

(i)

ainm iomlán gnó agus, más infheidhme, an t-ainm a úsáidtear chun críoch margaíochta agus giorrúchán ainm an tsoláthraí rátála ESG lena mbaineann an fhaisnéis sin;

(ii)

i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí rátála ESG, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iv)

méid an tsoláthraí rátála ESG mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(v)

léiriú i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 14 5

5.   Chun críocha mhír 4, pointe (b)(ii), gheobhaidh an soláthraí rátála ESG aitheantóir eintitis dhlítheanaigh..

Airteagal 14 6

6.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Airteagal 14 7

7.   Ón 1 Eanáir 2028, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 11(3), Airteagal 35(6) agus Airteagal 38(1) den Rialachán seo ar fáil ar ESAP. Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Maidir leis an bhfaisnéis sin

(a)

ullmhófar í i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:

(i)

ainmneacha uile na soláthraithe rátála ESG a mbaineann an fhaisnéis leis;,

(ii)

i gcás ina mbeidh fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí rátála ESG mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iv)

léiriú i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 14 8

8.   Chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le mír 3 a bhailiú agus a bhainistiú go héifeachtúil, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

meiteashonraí ar bith eile a bheidh ag gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí atá san fhaisnéis;

(c)

an fhaisnéis a bhfuil formáid atá inléite ag meaisín ag teastáil ina leith agus cén fhormáid atá inléite ag meaisín atá le húsáid.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí éagsúla atá inléite ag meaisín agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14 9

9.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 8, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.