|
+Airteagal 2 1. |
Airteagal 2 1.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht Ballstáit agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
bhí níos mó ná 5 000 fostaí ag an gcuideachta ar an meán agus bhí glanláimhdeachas domhanda ar mó é ná EUR 1 500 000 000 aici sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith;
(b)
níor shroich an chuideachta na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (a) ach is máthairchuideachta deiridh grúpa í ar grúpa é a shroich na tairseacha sin sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh nó dár cheart ráitis airgeadais chomhdhlúite bhliantúla a bheith glactha;
(c)
chuaigh an chuideachta isteach i ngrúpa nó is í an mháthairchuideachta deiridh ar ghrúpa í an chuideachta a rinne comhaontuithe saincheadúnais nó ceadúnúcháin san Aontas i gcomaoin ríchíosanna le cuideachtaí neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna gnó aonfhoirmeacha, agus i gcás inar mhó na ríchíosanna sin ná EUR 75 000 000 sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith, agus ar choinníoll go raibh máthairchuideachta deiridh ar ghrúpa ag an gcuideachta nó gur máthairchuideachta deiridh ar ghrúpa í an chuideachta ag a raibh glanláimhdeachas domhanda ar mhó é ná EUR 275 000 000 sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|