|
+Airteagal 8 2a. |
Airteagal 8 2a.Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha an mheasúnaithe dhomhain dá dtagraítear i mír 2, pointe (b):
(a)
nach bhféadfaidh cuideachtaí faisnéis a iarraidh ar chomhpháirtithe gnó ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin, agus, i gcás comhpháirtithe gnó ag a bhfuil níos lú ná 5 000 fostaí, nach bhféadfaidh siad faisnéis a iarraidh ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis a fháil go réasúnach ar bhealaí eile;
(b)
i gcás inar féidir an fhaisnéis is gá a fháil ó chomhpháirtithe gnó éagsúla, go dtabharfaidh cuideachtaí tosaíocht d’iarraidh faisnéise, i gcás inar réasúnach, go díreach ón gcomhpháirtí gnó nó ó na comhpháirtithe gnó inar dóchúla na drochthionchair a bheith ann;
(c)
i gcás ina sainaithnítear drochthionchair a bheith chomh dóchúil céanna nó chomh dian céanna i roinnt réimsí, féadfaidh cuideachtaí tosaíocht a thabhairt do mheasúnú a dhéanamh ar na réimsí sin a bhfuil baint ag comhpháirtithe gnó díreacha leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|