+Airteagal 8 Drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 2a.
---+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 Drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú a eascraíonn as a n-oibríochtaí féin nó as oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu lena slabhraí gníomhaíochtaí, as oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 8 2.

Mar chuid den oibleagáid a leagtar amach i mír 1, déanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun an méid seo a leanas a dhéanamh, agus tosca riosca ábhartha á gcur san áireamh acu, lena n-áirítear fíorais, cásanna nó imthosca ar leibhéal an chomhpháirtí gnó, amhail i dtaobh nach cuideachta é an comhpháirtí gnó a chumhdaítear leis an Treoir seo nó le gníomhartha dlí inchomparáide eile i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht shainordaitheach; ar leibhéal na tíreolaíochta agus an chomhthéacs, amhail leibhéal fhorfheidhmiú an dlí maidir le cineál an drochthionchair; agus ar leibhéal na n-earnálacha, na n-oibríochtaí gnó, agus na dtáirgí agus na seirbhísí:

(a) 

cleachtadh scóipe a chur i gcrích, atá bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go réasúnta agus air sin amháin, chun réimsí ginearálta a shainaithint ar fud a n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina mbaineann siad lena slabhraí gníomhaíochtaí, oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó inar dóchúla drochthionchair a bheith ann agus a bheith ar na drochthionchair is déine;

(b) 

bunaithe ar thorthaí an chleachtaidh scóipe dá dtagraítear i bpointe (a), measúnú domhain a dhéanamh sna réimsí inar sainaithníodh drochthionchair a bheith níos dóchúla agus níos déine.

Airteagal 8 2a.

Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha an mheasúnaithe dhomhain dá dtagraítear i mír 2, pointe (b):

(a) 

nach bhféadfaidh cuideachtaí faisnéis a iarraidh ar chomhpháirtithe gnó ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin, agus, i gcás comhpháirtithe gnó ag a bhfuil níos lú ná 5 000 fostaí, nach bhféadfaidh siad faisnéis a iarraidh ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis a fháil go réasúnach ar bhealaí eile;

(b) 

i gcás inar féidir an fhaisnéis is gá a fháil ó chomhpháirtithe gnó éagsúla, go dtabharfaidh cuideachtaí tosaíocht d’iarraidh faisnéise, i gcás inar réasúnach, go díreach ón gcomhpháirtí gnó nó ó na comhpháirtithe gnó inar dóchúla na drochthionchair a bheith ann;

(c) 

i gcás ina sainaithnítear drochthionchair a bheith chomh dóchúil céanna nó chomh dian céanna i roinnt réimsí, féadfaidh cuideachtaí tosaíocht a thabhairt do mheasúnú a dhéanamh ar na réimsí sin a bhfuil baint ag comhpháirtithe gnó díreacha leo.

Airteagal 8 3.
Áiritheoidh na Ballstáit, chun na drochthionchair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint agus a mheasúnú bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, go mbeidh cuideachtaí i dteideal úsáid a bhaint as acmhainní iomchuí, lena n-áirítear tuarascálacha neamhspleácha, réitigh dhigiteacha, tionscnaimh thionscail agus il-gheallsealbhóra agus faisnéis a bhailítear tríd an sásra fógra agus an nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 14.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.