+Airteagal 11 3.

Airteagal 11 3.

Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí, seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

an drochthionchar a neodrú nó a mhéid a íoslaghdú; beidh na bearta sin comhréireach le déine an drochthionchair agus le baint na cuideachta leis an drochthionchar;

(b) 

i gcás inar gá, toisc nach féidir deireadh a chur leis an drochthionchar láithreach, plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gan mhoill mhíchuí, ina mbeidh amlínte réasúnta léir-shainithe le haghaidh cur chun feidhme na mbeart iomchuí agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun an feabhsú a thomhas; féadfaidh cuideachtaí a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí; cuirfear an plean gníomhaíochta ceartaitheach in oiriúint d’oibríochtaí na cuideachta agus dá slabhraí gníomhaíochtaí;

(c) 

dearbhuithe conarthacha a lorg ó chomhpháirtí gnó díreach a áiritheoidh go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta ceartaitheach, lena n-áirítear trí dearbhuithe conarthacha chomhfhreagracha a bhunú lena chomhpháirtithe, a mhéid is cuid de shlabhra gníomhaíochtaí na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí. nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 6;

(d) 

infheistíochtaí riachtanacha airgeadais nó infheistíochtaí nach cinn airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghráduithe, mar shampla, ar shaoráidí, ar phróisis táirgthe nó ar phróisis oibríochtúla agus bonneagair;

(e) 

na modhnuithe, na feabhsuithe is gá a dhéanamh ar phlean gnó na cuideachta féin, ar straitéisí agus ar oibríochtaí foriomlána, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, dearadh agus cleachtais dáileacháin;

(f) 

tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil do FBM is comhpháirtí gnó de chuid na cuideachta, i gcás inar gá i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, ar oiliúint nó chórais bainistithe an uasghrádaithe, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta ceartaithí inmharthanacht an FBM i mbaol, tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil, mar shampla maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil;

(g) 

i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur le cumas na cuideachta deireadh a chur leis an drochthionchar nó méid an tionchair sin a íoslaghdú, go háirithe i gcás nach bhfuil aon bheart eile oiriúnach ná éifeachtach;

(h) 

leigheas a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.