+Airteagal 17 Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.

Airteagal 17 Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
►M2  Ón 1 Eanáir 2031, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí, nuair atá an ráiteas bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Treoir seo á phoibliú acu, an ráiteas sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun é a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP), arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/2859. ◄

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis atá sa ráiteas bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír na ceanglais seo a leanas:

(a) 

cuirfear isteach í i bhformáid ineastósctha sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:

(i) 

ainmneacha uile na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

méid na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iv) 

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(v) 

an cineál faisnéise mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(vi) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 17 2.
Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh cuideachtaí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
Airteagal 17 3.
Faoin 31 Nollaig 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859, agus tabharfaidh siad fógra don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ina leith sin.
Airteagal 17 4.

Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

aon mheiteashonraí eile is gá chun bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis;

(b) 

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis; agus

(c) 

nó cén fhaisnéis ar gá formáid mheaisín-inléite ina leith agus, sna cásanna sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.