|
+Airteagal 20 1. |
Airteagal 20 1.Chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí agus dá gcomhpháirtithe gnó agus do gheallsealbhóirí, cuirfidh na Ballstáit ar bun, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha tiomnaithe agus oibreoidh siad iad. Tabharfar aird ar leith, i ndáil leis sin, ar na FBManna atá i láthair i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí. Tabharfaidh na suíomhanna gréasáin, na hardáin nó na tairseacha sin rochtain ar na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
an t-inneachar agus na critéir tuairiscithe arna leagan síos ag an gCoimisiún sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(3);
(b)
treoraíocht an Choimisiúin i dtaobh clásail chonarthacha eiseamláireacha dheonacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus na treoirlínte a eisíonn sé de bhun Airteagal 19;
(c)
an deasc chabhrach aonair dá bhforáiltear in Airteagal 21; agus
(d)
faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n-ionadaithe maidir le conas a bheith páirteach ó thús deireadh i bpróiseas an díchill chuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|