I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.