+Airteagal 22
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
---+Airteagal 22 8.
---+Airteagal 22 9.
---+Airteagal 22 10.

Airteagal 22

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích, féadfaidh an tÚdarás smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcás ina sáróidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí, ceanglas de chuid Rialachán (AE) 2023/1113 nó Rialachán (AE) 2024/1624, nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé cinneadh ceangailteach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.
Airteagal 22 2.
I gcás ina bhfionnfaidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis go ndearna eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, d’aon ghnó nó le faillí, sárú tromchúiseach, leantach nó córasach ar cheanglais atá infheidhme go díreach agus atá i Rialachán (AE) 2023/1113 nó i Rialachán (AE) 2024/1624, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhannaí airgid, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Déanfar smachtbhannaí airgid arna bhforchur i leith sáruithe den sórt sin, de réir imthosca gach cáis aonair, a fhorchur i dteannta, nó in ionad, na mbeart riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).
Airteagal 22 3.

Déanfar méid bunúsach na smachtbhannaí airgid dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a) 

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglas amháin nó níos mó i ndáil le dícheall cuí do chustaiméirí, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uile-ghrúpa nó oibleagáidí tuairiscithe a sainaithníodh in dhá Bhallstát nó níos mó ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 000 nó 1 % den láimhdeachas bliantúil, cibé acu is airde;

(b) 

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglas amháin nó níos mó i ndáil le dícheall cuí do chustaiméirí, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha nó oibleagáidí tuairiscithe a sainaithníodh i mBallstát amháin ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 ná 0,5  % den láimhdeachas bliantúil, cibé acu is airde;

(c) 

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais uile eile a sainaithníodh in dhá Bhallstát nó níos mó ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 000 ;

(d) 

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais uile eile a sainaithníodh i mBallstát amháin ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 ;

(e) 

le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar chinntí an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 .

Airteagal 22 4.
Déanfar na méideanna bunúsacha a shainítear laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i mír 3 a choigeartú, i gcás inar gá, trí thosca géaraitheacha nó maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach. Maidir leis an tairbhe a dhíorthaítear ón sárú nó ó na caillteanais do na tríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, i gcás inar féidir iad a chinneadh, cuirfear iad le méid iomlán an smachtbhanna tar éis na comhéifeachtaí a chur i bhfeidhm.
Airteagal 22 5.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.
Airteagal 22 6.
Maidir leis an méid uasta smachtbhanna le haghaidh na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), ní rachaidh sé thar 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis faoi oibleagáid sa bhliain ghnó roimhe sin, tar éis na comhéifeachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 22 7.
Maidir leis an méid uasta pionóis le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha dá dtagraítear i mír 3, pointí (c) agus (d), ní rachaidh sé thar EUR 10 000 000 , tar éis na comhéifeachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 22 8.
I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.
Airteagal 22 9.
I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar mhaoirseoirí airgeadais imeachtaí a thionscnamh d’fhonn gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go bhforchuirfear smachtbhannaí airgid iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2024/1640 agus aon reachtaíocht náisiúnta ábhartha lena dtugtar cumhachtaí sonracha nach gceanglaítear faoi láthair le dlí an Aontais. Beidh smachtbhannaí airgid arna bhforchur éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Beidh an chéad fhomhír infheidhme maidir le smachtbhannaí airgid atá le forchur ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid i leith sáruithe ar an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2024/1640 agus maidir le haon smachtbhanna airgid atá le forchur ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid atá freagrach faoin dlí náisiúnta as sárú ag an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.

Airteagal 22 10.
Beidh na smachtbhannaí airgid a fhorchuirfidh an tÚdarás éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Agus méid an smachtbhanna airgid á cinneadh, tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar chumas an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid an smachtbhanna airgid a íoc agus, i gcás ina bhféadfadh an smachtbhanna airgid difear a dhéanamh do chomhlíonadh na rialála stuamachta, rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid le dlí an Aontais is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.